Cumann Gaeilge na hAstráile
Bíoḋ bród ort as do ṫeanga!

RÉAMHRÁ

Aidhm an fhoclóra

Is é cuspóir don fhoclóir seo an chuid is coitianta de stór focal na Nua-Ghaeilge a thabhairt le chéile agus a mhíniú i mBéarla.

Cuireadh isteach na focail a raibh fianaise le fáil go bhfuil siad i ngnáthúsáid i dteanga an lae inniu. Lena chois sin cuireadh isteach focail áirithe as seanlitríocht na Nua-Ghaeilge nach n‑úsáidtear go coitianta anois, ach a mbeadh a mbrí ag teastáil ó lucht léite na litríochta sin. Cuireadh an nod Lit: le focail den aicme sin lena chur in iúl gur sa litríocht sin amháin a fuarthas iad. Mar an gcéanna, cuireadh Lit: le haon bhrí ar leith d’fhocal nach bhfuil le fáil anois ach sa tseanlitríocht, e.g. scanradh1. Lit: Rout; scattering…2. Fright, etc.

Cuireadh isteach, freisin, a lán téarmaí teicniúla nua-aoiseacha nach mbeadh súil leo i ngnáthfhoclóir, toisc nach bhfuil foclóir mór téarmaíochta curtha le chéile fós sa teanga.

Míniú na bhfocal

Tá a lán focal nach raibh le déanamh leo ach Béarla oiriúnach a chur orthu. Baineann sin go háirithe le cuid mhaith de na comhfhocail agus de na focail a bhfuil blas teicniúil orthu, e.g. eagarfhocal…Editorial; baincéireacht…Banking. Maidir leis na focail is coitianta ar fad, áfach, is iondúil go mbaintear a lán fobhríonna nó bríonna meafaracha astu a d’fhás de thoradh síorúsáide. I gcás na bhfocal sin baineadh leas as na huimhreacha 1, 2, etc., le dealú na mbríonna a chomharthú agus, taobh istigh díobh sin, úsáideadh na litreacha (a), (b), etc., le miondifríochtaí brí nó úsáide a thaispeáint. Is í an ghnáthriail a leanadh san alt míniúcháin an bhrí is bunúsaí den fhocal a thabhairt ar dtús agus, ansin, na fobhríonna a d’fhás aisti de réir a chéile, e.g. cáilíocht1. Quality…2. Disposition…3. Qualification. Nuair nár léir bunbhrí an fhocail tugadh tús áite don bhrí is coitianta i dteanga an lae inniu. I gcásanna áirithe glacadh le focal amháin Béarla mar lomaistriú agus, ina dhiaidh sin, féachadh le réim úsáide an fhocail Ghaeilge a léiriú, e.g. …Day. 1. (a) Daytime…(b) Daylight, dawn…etc.

Foirmeacha agus litriú

Is iad na foirmeacha caighdeánacha atá ar na focail a bhfuil míniú ag gabháil leo. Tá na foirmeacha sin bunaithe ar na rialacha a leagadh síos sa leabhrán Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil (B.Á.C. 1958–60). Ar ndóigh, bhí caighdeánú le déanamh ar an iliomad focal a bhfuil malairt leaganacha orthu agus nár luadh sa leabhrán sin. I gcomhar le chéile a shocraigh Rannóg an Aistriúcháin agus Foireann an Fhoclóra caighdeánú na bhfocal sin. De thoradh an taighde a ghabh le hobair an fhoclóra b’éigean corrfhoirm a bhí socraithe cheana féin a athrú agus beagán forialacha breise a chumadh. I gcás nuathéarmaí teicniúla is iad Coiste Téarmaíochta na Roinne Oideachais a shocraigh na foirmeacha caighdeánacha.

Chomh maith leis na foirmeacha caighdeánacha cuireadh isteach foirmeacha malartacha atá coitianta sa teanga, mar leanas:

I gcás go raibh níos mó ná trí cheannfhocal ag teacht in ord aibítre idir an fhoirm chaighdeánach agus an fhoirm mhalartach, rinneadh ceannfhocal ar leith den fhoirm mhalartach agus cuireadh crostagairt don cheannfhocal caighdeánach léi, e.g. béama = bíoma. In aon chás eile is ag deireadh an ailt mhínithe, idir lúibíní, a cuireadh isteach an fhoirm mhalartach, agus an nod Var: léi, e.g. malartach…( Var: malairteach).

Cuireadh isteach an seanlitriú d’aon fhocal a bhfuil athrú meánach air sa litriú caighdeánach, e.g. ahdbhar = ábhar. Níor cuireadh isteach foircinn a chaighdeánaítear de réir rialach, ar nós ‑aidhe (‑aí), ‑amhail (‑úil), ‑achaí (‑acha), ‑annaí (‑anna), ‑éaracht (‑éireacht), etc.

Deilbhíocht agus gramadach

Ainmfhocail: Tugtar inscne an ainmfhocail ina dhiaidh, agus ansin (idir lúibíní) an ginideach uatha agus an t‑iolra, e.g. bata, m. ( gs. ~, pl. ); fuinneog, f. ( gs. ‑óige, npl. ~a, gpl. ~).

Aidiachtaí: Cuirtear ceann de na comharthaí a1, a2, a3, leis an aidiacht a dhíochlaontar go rialta.

Ciallaíonn a1 go ndíochlaontar an aidiacht ar nós

(i) bán, gsm. báin, gsf. & comp. báine, npl. ~a, gpl. ~,
(ii) glic, gsm. ~, gsf., npl. & comp. ~e, gpl. ~, nó
(iii) cleasach, gsm. ‑aigh, gsf. & comp. ‑aí, npl. ~a, gpl. ~.

Ciallaíonn a2 go ndíochlaontar an aidiacht ar nós misniúil, gsm. ~, gsf., npl. & comp. ‑úla, gpl. ~.

Ciallaíonn a3 nach n‑athraítear foirm na haidiachta sa ghinideach ná san iolra ná sa chéim chomparáide.

[I gcás a1 agus a2 úsáidtear foirm an ainmnigh iolra sa ghinideach iolra chomh maith, más ionann an t‑ainmneach iolra agus an ginideach iolra den ainmfhocal a ngabhann an aidiacht leis, e.g. na mballaí bána.]

I gcás go ndíochlaontar an aidiacht go rialta ach amháin sa chéim chomparáide comharthaítear mar seo í, mór, a1. ( comp. ).

Nuair nach réitíonn díochlaonadh na haidiachta leis na rialacha thuas tugtar infhilleadh na haidiachta ina iomláine, e.g. deacair, a. ( gsm. ~, gsf., npl. & comp. ‑cra).

Briathra: Cuireadh isteach an briathar faoina fhréamhfhoirm, an dara pearsa uatha den mhodh ordaitheach. Ní thráchtar ar infhilleadh briathair atá fíor-rialta, ar nós mol nó beannaigh. I gcás na mbriathra eile luaitear na foirmeacha nach bhfuil ag teacht go hiomlán le hinfhilleadh na mbriathra sin, e.g.

buail…( vn. bualadh);

cuir…( vn. cur, pp. curtha);

dóigh…( pres. dónn, fut. dófaidh, vn. , pp. dóite);

abair…( pres. deir, p. dúirt, p. aut. dúradh, fut. déarfaidh, vn. , pp. ráite).

Cuireadh isteach arís mar cheannfhocail foirmeacha neamhrialta, le crostagairt don bhunbhriathar, e.g. deir : abair. I gcás príomhbhriathra áirithe a bhfairsingíonn a mbrí nuair a chuirtear réamhfhocal nó dobhriathar leo rinneadh ceannfhocal eangaithe den bhriathar agus den fhocal cáilitheach le chéile, e.g. bain amach, bain as, etc. Rinneadh ceannfhocail ar leith d’ainmneacha briathartha agus d’aidiachtaí briathartha a bhfuil réim úsáide de bhreis ar ghnáthúsáid an bhriathair acu.

Forainmneacha agus réamhfhocail: Mar cheannfhocail ar leith a cuireadh isteach na forainmneacha pearsanta agus na foirmeacha treise díobh, e.g. é, eisean, , seisean. Faoi na réamhfhocail atá ag freagairt dóibh a cuireadh isteach na forainmneacha réamhfhoclacha, e.g. ag, prep. ( Pron. forms: agam, agat, etc.).

Réimíreanna agus iarmhíreanna: Níl teorainn leis an méid comhfhocal is féidir a chumadh ach réimíreanna mar an- (treise) a chur le hainmfhocail nó le haidiachtaí, droch- le hainmfhocail, etc., nó ró- le haidiachtaí, etc. Rinneadh ceannfhocail ar leith de réimíreanna bisiúla mar iad agus míníodh na bríonna atá leo. Níor cuireadh isteach mar cheannfhocail ina ndiaidh ach an chuid is coitianta ar fad de na comhfhocail a d’fhás astu. (Mar an gcéanna, níor cuireadh isteach ach an chuid is coitianta de na comhfhocail gan áireamh is féidir a chumadh as aidiachtaí agus ainmfhocail le chéile).

Rinneadh ceannfhocail d’iarmhíreanna áirithe mar ‑áit, ‑ít, a bhfuil feidhm ar leith acu sa téarmaíocht theicniúil, de na hiarmhíreanna treise ‑sa, ‑san, ‑se, ‑sean, a úsáidtear le hainmfhocail, le haidiachtaí, le briathra agus le forainmneacha, agus den iarmhír dhíspeagtha ‑ín.

Maidir leis na hainmfhocail iomadúla a ngabhann ‑ín leo, níor cuireadh isteach an leagan díspeagtha ach sna cásanna seo: (i) focail nach bhfuil leagan díobh gan ‑ín ann, e.g. coinín, (ii) focail a bhfuil brí leo sa bhreis ar dhíspeagadh an bhunfhocail, e.g. paidrín, (iii) na focail is coitianta a gcuireann ‑ín athrú bunúsach ar ghuta meánach iontu, e.g. firín.

Comharthaí:

: idir dhá cheannfhocal, á léiriú go bhfuil an chéad fhocal le fáil faoin dara focal, e.g. mná : bean.
= idir dhá cheannfhocal, á léiriú gurb ionann brí don dá fhocal agus gurb é an dara focal an ceann caighdeánach, e.g. casán = cosán.
~ ag seasamh don cheannfhocal slán agus é á athlua san alt mínithe.
- (fleiscín) i dtosach míre d’fhocal, ag seasamh don pháirt den cheannfhocal a bhfuil an chlaonfhoirm ar aon dul leis chomh fada le túslitir na míre, e.g. bacach, m. ( gs. & npl. ‑aigh). I gcás crostagairt i gceannlitreacha beaga rómhánacha seasann sé don fhocal atá díreach roimhe, e.g. aibí, ‑ocht.
Tá neascóid ar ioscaid an easpaig, ach níl a fhios ag an easpaig go bhfuil neascóid ar a ioscaid.
—Rabhlóg